School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 159
- XML “An Bacach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bacach ag siubhal roimis lá agus do gaibh sé chun meithiol fear a bhí ag obair shíos ó thig lá agus d’fhiafruigh sé díobh an bhfaghadh sé lóisdín na h-oidhche sa tig sin shuas agus dúbhradar leis ná raibh aon t-seans go bhfhaghadh mar ná thug an bhean sin lóisdín ná déirc riamh do aoinne riamh.
Dúbhairt sé go gcuirfeadh sé geall le h-aoinne aca go bhfhaghadh sé féin lóisdín na h-oidche uaithe Tharraig sé amach sgilling agus dúbhairt sé gogcuirfeadh sé an sgilling agus tuille dá mbeadh sé aige le h-aoinne aca, thóg fear aca suas é agus comáin an bacach leis suas go dtí an tig agus d’iarr sé lóisdín na h-oidhche ar son Dé agus dúbhairt bean an tíghe leis go tapaidh ná faghadh agus an doras a chuir de go mear, do stad sé ann agus d’iompuig sé isteach uirthe agus dúbhairt:–“Mhuise ní h-é íosfainn-se istoidhche do
creacadh do chúirt,
Ná síneadh cois gríosach agus sop seasgadh
chuir fúm
D’innseadh so t-slíghe dom gurab’ aistear
gabháil cúghat,
Gur tú shíolrach na bhfhíor-mbhocht is measa
sa Mhumhainn.Dúbhairt sí leis fanamhaint go lá, isteach leis do(continues on next page)- Informant
- Conchubhar Ua Ceilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork