School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 176

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 176
  3. XML “An Bheirt Leanbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeór anso i mBaile-Mhúirne, shocrug sé é féin chun dhá leath a dhéanamh dá cuid talman. Dhein sé cleamhnas dá bheirt mhac agus bhíodar istig in aon tig amháin go ceann bliana agus thárla go raibh clann óg ag mnaoí na beirte in aonfheacht. D'éirig bean aca roim an bhean eile agus bhí an seana bhuachaill sa chuinne agus thug sí taosgán fuisgí do agus dubhairt sí "Ól mo shláinte agus sláinte mo leinbh". Bhí oiread beann ag an bhfheirmeóír ar an nduine eile agus ar an leanbh agus bhí aige uirthe agus dúbhairt sé mar seo:-
    "Sláinte" ar seisean "an dá pháiste agus a n-athar araon
    Sláinte an dá mná a thug an dathair mhach saor.
    Sláinte a bhfhuil láithreach agus ár gcarad go léir
    Agus mo creac cráidhte gan páiste eile 'á baiste agam féin."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Gobnait Bean Uí hArgáin
    Gender
    Female
    Age
    61
    Address
    Baile Bhuirne, Co. Cork