School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 093
  3. XML “An Mála Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bí buachaill darb' ainm do Sheán ann uair. Lá amháin bhí sé amuich sa ghairdín, agus tháinig fear eile go dtí an gheata agus cé bhí ann ac fear draoidheachta, agus dubhairt sé le Seán trí guidheanna a fhiafraighe air. Dúbhairt Seán leis cómhacht a thabhairt do ar aoinne a cur isteach sa mhála, agus ná féadfadh sé teacht amach go bhfaghadh sé cead uaidh féin.
    Chuir Seán an diabhal isteach sa mhála, agus thug sé cun an ceárdchain é agus dúbhairt sé leis an ngabhainn, "seo tabhair léasadh maith dho san". Chuir an gabha an mála ar an inneóin agus bhí sé á léasadh ar feadh abhfadh ansan dúbhairt sé. "Tá a ndóithin fachta aige anois dá mbé an diabhal féin a bheadh ann" "agus conus tá's agat ná gurbhé" arsa Seán "ó tabhair anso chúgham é go dtabharfad tuile dho" arsan gabha. Thug Seán do é agus thug sé abhfad níos mó dho ná mar a dhein sé an céad uair.
    Ansan chuaidh Seán chun an gréasaidhe agus dúbhairt sé an rud céadna leis. Dhein an gréasaidhe amhlaidh agus bhí an diabhal ag béicig, annsan dúbhairt an gréasaidhe "tá a ndóithin fachta aige anois dá mbé an diabhal féin é" "agus b'fhéidir gurbé leis" arsa Seán "Tabhair anso chúgham é go dtabharfadh tuile dhe má'seadh" arsan gréasaidhe, do thug agus do bhuail sé go maith arís é.
    Chuaidh Seán go dtí an siúinéir agus dúbhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Luasaigh
    Gender
    Male