School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 214
  3. XML “Dúil san Óil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ag teacht abhaile ó Corcaigh oidhche . Meisgeóir a b'eadh an fear agus an céad tig tabhairne a bhuail air cuaidh sé isteach ann. Bhí muinntir an tíghe na gcodhladh agus bhí eochair ag an bhfear agus d'osgail sé an doras agus chuaidh sé isteach agus dubhairt sé mar seo:-
    Tá lionn ag Philip Ó Spallán
    Lionn breágh folláin bríoghmar
    Cuirfeadh sé bacaig ag rinnce
    Níl sé na lá ná na lá &rl
    Ach bean dá rud mar sin dá magadh.
    Cheap sé go nduiseóchadh muinntir an tighe ach níor dein.
    Dúbhairt sé :-
    Éirig ad suidhe a fir an tighe
    Cuir ort do bhríste is do hata
    Chun go gcoimeádaimíd coilleach do shuairc
    Is fear an chroidhe mór go maidean
    Tá sé na lá is na lá &rl
    Is go deimhin is cóir dom triall abhaile.
    D'fheach sé suas agus chonnaic sé na caoire ag ithe an geamhair dúbhairt sé:-
    Táid na caoire ag ithe an geamhair
    Táim na gamhna ag ól an bainne,
    Tá mo seisreach sa bhfód
    Is go deimhin is cóir dom triall abhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Thuama
    Gender
    Female