School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 477](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_477.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 477
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is cuimhin liom go mbíodh na sean-daoine ag cainnt mar gheall ar an lá a báthadh Claedighe. Bhí an maidin go breádh acht tímcheall lár an lae thosnuigh sé ag déanamh clagair seóidh & 'sé an sgeal a airígheadh um thráthnóna ná go raibh Claedeach báidhte. Is amhlaidh a eirigh tuille san abhainn - An Fhleasg & chuaidh sé amach ar fuaid na tíre. Do bhí seo tighthe cómhangarach do & do báthadh iad. Do bhí fear 'na chómhnaidhe i gceann de's na tighthibh sin & chonnaic sé an tuille ag teacht. Do chuaidh sé isteach abhaile & chuir sé a bhean & a chlann amach in áit árd & chuaidh sé go dtí an móinfhéar chun na gamhna do chuir amach ar eagla na tuille. Nuair a bhí sé ag cuir na gamhna amach do chonnaic sé a bhean ag dul thairis siar san abhainn. Nuair a bhí na gamhna curtha amach aige do chuaidh sé go dtí an áit gur chuir sé a bhean & a chlann. D'fhiafhruigh sé de'n chlann cá raibh a mháthair. Dubhairt an clann gur chuaidh sí isteach ag cuir(continues on next page)
- Collector
- Seán Ua Liatháin
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork