School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (A) AN BRICLEACÉ 'na chómhnuidhe i Leabaidh (?) ainm aite ar an dtaobh thuaidh de Pharóiste Carraig na bhFear. Rugadh é timcheall na bliana 1690. Tomás Ó Buachalla an t-ainm a bhí air. Leasainm do b'eadh an Bricleach.Lá amháín tháínic Mangaire mór dtimcheall na h-áite a's é ag díol tobac. Do chuaidh an Bricleac cuige ar lorg' luac pingne de thobac. Dubhairt an Mangaire go grod ná chiméad sé an tobac ac i gcóír a chuistiméírí. Ach duine a bhí sa Bhricleac nár luigh ró-mhór le béasgnaidheacht. Do shnap sé an tobac ó'n Mhangaire agus thug "an Sliabh air féín. D'áthruigh an gníomh san saoghal an Bhricligh. D'innis an Mangaire a sgéal do Thaoiseac na saighdiúrí. Ní rabhadar san ac ar lorg an leithsgéil chun gac Gaedheal do chéasadh, agus chuadar ar a thóír. Duine séímh cneasta do b'eadh an Bricleac in a óige ach anois nuair a chonnaic sé na saighdiúirí ar a thóír, a's fhios aige nac raibh ceart ná cotharom le fáil ag Caitiliceac, ní raibh an dara rud aige ac dul amac an mbóthar árd a's saoghal an "Highwayman" a chaiteamh.(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir