School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 552
- XML “Ár dTiarna agus an Deargadaol”
- XML “An Damhan Alla agus Íosa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí na h-iudaigh ar thóir Íosa. Bhí sé ag gabhail thar dhaoine a bhí ag cur arbhair i bpáirc. Dubhairt sé leó dá bhfiafruigheadh na saighdiuirí díobtha cathain ar ghabha sé thairis a rádh gur ghabh sé thairis nuair a bhíodar ag cur an t-síl.
Lá'r na máireach bhí na fir airís ins an bpáirc ag baint an arbhair, mar d'fhás agus d'aibigh sé ar feadh na h-oidhche. Tháinic na h-iudaigh an t-slighe agus d'fhiafruighdear des na fearaibh an bhfeacadar Iosa ag gabhail na slíghe. Dubhairt na fir gur chuaidh sé an t-slighe nuair a bhíodar ag cur n t-síl. Tháinic iongnadh ar na h-iudaigh mar cheapadar gur chuaidh sé thairis le deidheanaighe. Bhíodar chun imtheacht ach chuir an Dearg Daol a ceann amach agus ar seisean, "Indé", "Indé". Ó shoin i leith is ainmhidhe malluighthe an dearg daol. Nuair a castar ceann ort ar an mbóthar is ceart é shathailt le cois agus a rádh: "mo sheacht bpeacaí ort a dearg daol mhór granna. - Lean Iosa ar aghaidh agus do chuaidh isteach i dtigh nach raibh aon áitreabhaigh ann agus do sheas sé i gcoirnéal dorca. Thainic an dubhán fhalla agus do shníomh sé sganán taobh amuigh dhe. Tháinic na(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir