School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 566
- XML “Caol Art Ó Caoimh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a míníghtear é i sgéal atá ag na daoine:
Caol Art Ó Caoimh
Chaith sé a shaoghal 'na Robádhlaidhe. Tháinic Sagart cuige agus é ar leabaidh a bháis agus dubhairt leis nac bhfeicfeadh sé coidhche gloíre ná seanmaireacht na bhFlaitheas. Do bhain sé gealluínt as teacht ar ais go dtí an saoghal seo t'réis a bháis chun é sin d'fhiorú.Tamall in dhiaidh a bháis bhí an sagart ag filleadh abhaile oidhche treis an ola dheidheanac a thabhairt do dhuine éigin. Nuair a bhí sé ag dul thar an ait seo d'éirigh sidhe gaoithe go h-obann agus do chonnaic an sagart Caol Art ag teacht cuige agus é ag marchaidheacht ar eac bán. Do léim sé thar an claidhe amac ar an mbóthar agus do tháinic cos an eic anuas ar cloic agus d'fhan rian a chrúdha ann ó shoin i leith. D'fhiafruigh an sagart de ansin cionnus a raibh aige ins an saoghal eile. D'innis Art go raibh saoghal seánmhar aige:
"Tá saoghal maith agam agus Ssamhradh Dríoghmhar (?) "
D'fhiafruig an sagart de cionnus a thála a leitéid de saoghal aige nuair a chaith sé a bhetha anso 'na robálaidhe. D'fhreagair Art gur goid sé ó'n saidhbhir agus gur thug sé an saidhbhreas dos na boctaibh ie. gur goid sé uatha sin a ghoid uaidh. Ansan d'imthigh sé as a rádharc. Bhí cathú ar an sagart mar gheall ar a bhreitheamtas (?) an-obann ar Art agus chuaidh(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir