School: Baile Choitín (C.) (roll number 16110)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Caitlín Ní Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht aon tobar beannuithe amháín sa gceanntar seo, agus tá sé sin suidhte in Aghhada, i bpáirc breagh in aice an claidhe. 'Sé an ainm atá air ná "Tobar Naomh Mhuire". Tugann na daoine cuart ann gach blian ar an 15adh lá de Mí na Lúghnasa. Téigheann chuid des na daoine ann i gcárthanna, cuid eile i ngluaisteánaibh, agus cuid eile ar rotharaibh. Nuair a shroiseann said an tobar téigheann siad ar a dhá ghlúin agus deireann siad a gcuid bpaidreacha chun na "Sprid i bPurgatori," agus tar éis tamaill eirigheann siad de a ngluana agus tugann siad alán cuardanna mór timpal an tobair agus deireann siad an "Coróinn Mhuire," nó cúig "Go mbeannuightear duit a Mhuire," agus cúig "Ár nAthair" agus cuig "Gloria's."Tá sgéul ag na daoine i dtaobh bean athug cuid de'n uisge beannuithe abhaile léi chun tighe agus deireann siad go bhfuair sé bás go gairid in a dhiaidh sin. Tá sgéul eile achu i dtaobh fear darb ainm Breathnach, deireann siad go raibh a radharc caillte aige ar feadh abhfad(continues on next page)
- Collector
- Máire Bríghid Ní Laoingrg
- Gender
- Female