Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 14_029](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0090D%2FCBES_0090D_14%2FCBES_0090D_14_029.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0090D, Leathanach 14_029
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá mbéadh trí ghuidhe agamChuala mé trácht ar na daoinibh maithe agus na daoinibh beaga, agus dubhairt mo sheanathair fadó go bhfeiceadh sé sidheóga ag rinnce thuas ar an gcnoc. B'fhéidir go bhfuil sidheóg ann agus bféidir nach bhfuil ach pé scéal é ní bhfacha mé púca nó lepréachán le'm shaoghal. Acht dá bhfeicinn sideóga agus dá bhfaghainn trí ghuidhe d'iarrfainn an t-sláinte ar dtús is dócha. Is fearr an t-sláinte ná óír ná airgead agus nuair nach mbínn an t-sláinte ag duine ní cuireann se spéis i rud ar bith.D'iarrfainn saoghal fada mar is fearr é a bheith beo na marbh. "Nach mór an nidh bheith ag baint lae as." Is milis agus is luachmhar, an rud é an t-anam. Céard d'iarrfainn anois? Tá ceann amháin fághtha agus ní fuláir a bheith cúramach. Ba maith liom near airgead a fhághail dar ndóíg. Ba maith liom freisin a bheith eireamhail (?) gearcúiseach, dóigheamhail, láidir.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ciarragáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo