Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Ós níor stadamair do’n scríb sin
Chun gur dheaghas go h-Ínse an Ghímleach,
Ná cailíní do mhíll me san oidhche 'gus mé ar fán.
"S a’ cailín úd do stol mo bhríste
'Gus mo gheailisí gur scaoíl sí
agus nídh nár mhaith liom ínnsint,
Mar a bhfuair sí siúd ó chroidhe é.,
Ní fíor piuc ó Sheán, (ha! ha! há!) - Do bhí bráthair mar sin fudó an - bráithre - agus do chuireadh fios ar dhuine ’ca - chuir a’ Pápa
fios ar dhuine ’ca Dé Dhomhnaig tacht chuige Dé Luain. Seadh! níor tháinig sé dé Luain a’s chuaidh sé go dtí é Dé Máirt. D’fhiafraigh sé dhe chad a chinnibh dé Luain é. Dubhairt sé gur mhaith leis é féin a bhearradh agus nár mhaith leis lomadh an Luain a bheith air féinig. Seadh! d’imthigh an Pápa agus thug sé leis seacht cínn d’uíbh a’s leog sé ar aghaidh a’(continues on next page)