Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0046

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Innstear alán sgéalta mar gheall ar liosanna...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    46
    uirthe agus do ghaibh sé na capaill agus siúd leis go dtí
    an lios go dána neamh-eaglach.
    Do threabhaidh sé leis go breagh socair chun gur
    tháinig aimsir bhídh agus annsan do sguir sé na
    chapaill agus do tháinig sé isteach abhaile.
    Nuair a bhí an dínnéar ithte aige do shín sé ar
    fhuarma cois na teineadh agus d’fan sé annsan ar
    feadh tamaill. Ba ghearr gur eirigh sé ana bhreoidhte
    agus do thóg sé an leabaidh. Níor tháinig aon
    feabhas air agus chun sgéal gairid do dhéanamh de
    do thug sé leath-bhliain annsan agus cos aige san
    uaigh. Tháinig a shláinte tharnais chuige na dhiaidh san
    ach deirim leat nár dhein sé aon iarracht eile ar
    an leas do threabhadh.
    Tá lios ar Bhaile Mhic Íre agus aníor deineadh aon
    iarracht ar úsáid do bhaint as ach aon uair amháin agus
    seo mar a thuit san amach. Do bhí gabha na chómhnuidhe
    ar Charraig an Adhmuid agus do bhí sé ana dhealbh
    agus do bhuail fear an leasa aime lá amháin sa
    tsráid. D’iarr an gabha air an lios do thabhairt
    do chun prátaí do chur ann an bhliain sin. "Airiú,"
    arsan feirmeoir "tabharfadh agus fáilte ach do
    chómhair leochainn duit gan é bhac. Níor chuireas féin
    aon bharra ann riamh agus an rud ná baineann leat
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
  2. (gan teideal)

    Tá Lios ar Bhaile Mhic Íre agus níor deineadh aon iarracht...

    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach