Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0054

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bí sean-bhean ann fadó agus do bhí triúr mac aici...

    Do bhí sean-bhean ann fadó agus do bhí triúr mac aici. Dubhradar a dtriúr go raghaidís amach ar a n-ádhbhar féin agus do thugadar aghaidh ar bóthar duine aca soir, an tarna duine siar agus an tríomhadh fear ó dheas. B’é an fear sa an t-é dob’ óige agus níor stad seisean go dtí go raibh an oidhche taréis tuitim agus ná feacaidh sé soir ná siar. Sé an áit na bhfuair sé é
    féin ná istig i gcoill a bhí chómh dorcha le tóin an phúca agus
    do bhí sé ag útamáil leis chun go bhfeacaidh sé solus tamall beag uaidh.
    Do dhruid sé i dtreo an tsoluis gur thug sé fé ndeara gur
    botháinín a bhí ann agus siúd go dtí an dorus é agus áthas
    air. D’osgail sé an dorus agus isteach leis. Ní raibh
    duine ná daonnaidhe sa tigh roimis ach do bhí teineadh bhreagh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0610: The Healing Fruits
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach