Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 106
- XML “<span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span> i dTabhnach-Cnámh”
- XML “<span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span> i dTabhnach-Cnámh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éis an oidhche sin
- Aon oiche Shamhna amháin chuaigh fear amach ag siubhal. Bhí sé ag siubhal cúpla
nóiméad nó mar sin nuair do casadh triúr fear air. Bhí siaid ag iomchar comhrann.
D’iarr an triúr fear ar an bhfear eile conghnamh a thabairt dóibh agus rinne sé amhlaidh.
Nuair a bhí an fear cúpla nóiméad faoi gcomhrainn do, chuir sé síos é. D’fhéach sé isteach
ann agus céard do chonnaic sé ocht cailín álainn agus í beó bríoghmhar. D’éirigh an cailín
áluainn agus do shiubhail an bheirt acau go dtí teach an fhir.
D’fhan an cailín áluinn ins an dteach ar feadh bliadhna gan fochal aisti ar feadh an ama
sin. Oidhche Shamhna arís bhí an fear amuigh agus do chonnaic sé an triúr fear. Dubhairt
an chéad fhear. “Bliadhain ó anocht fuair Diarmud a bhean.” “Cén maitheas ata innte”
arsa an tarna fear “nuair nach féidir léi labhairt.” Chuir an tríomhadh fear isteach ar an
gcainnt. “Tá bíoran suain le taobh dhá ceann” ar seisean, “agus dá dtógfaidhe amach é
bheadh a lán cainnte aice.”- Bailitheoir
- Máire Ní Ghilliúín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Floinn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo