Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 114](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0094%2FCBES_0094_114.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 114
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deireann na sean daoine nuair a bhíonn faínne buidhe timcheall na gealaighe go mbéidh se ag cur feartaine an lá n a diaidh sin. Nuair a bhíos na réalta go han geal beidh an la in-a-dhiiadh sin maith. Nuair a bhíos an cat in-a shuidhe ag an teine agus a dhruim leis an teine agus a aghaid amach bhíonn aimsear stoirmeamhail agus fluic ag teacht.
Nuair a bhíos an ghaoth adtuaidh ag teacht, béidh sneachta ann nuair a bhíos sí ag teacht o dheas beidh se teas ann. Deirtear nuair a bhíonn torann mór ag an traen go mbéidh sioc ann. Nuair a bhíos ceó ar na haibhnibh ins an maidin. Lá breág atá ag teacht nuair a bhíos ceó ar na sléibhe, lá fearthainne a bhéidh ann mar deireann na sean daoine "ceó doininne ar cnocaibh, seó soininne ar aibhnibh, ach amanta nuair a bhíos ceo ar na sleibhe trathnóna smahraidh dereann na sean daoine go mbéidh lá breágh ann, an lá in-a diaidh sin "ceo bán" a bhíos ar na sleibhte lá samhraidh.
Nuair a taghann scata mhór faoileann as an bhfairrge steach i dtír, bionn storm mór ar an bhfairrge agus nuair cíonn na faoilinn an storm ag teac eitleann siad isteach i dtír.
Ins an trathnóna nuair a bhionn an ghrian ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Martan Mac Chuimlín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo