Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 224
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean aimsire ní chaitheadh na daoine péire bróga go dtí an mbeidís fice blian d'aois agus annsin do bhidís an curamach in a dthaob. Nuair do théigidí go dtí an baile mór do bhíodh na bróga faoi na asgail aca go dtí go mbéidí beannach istigh sa mbaile mór agus annsin do caithidís na bróga an fhaid is a bhíodh siad ann, acht nuair do thagadh siad amach as an mbaile mór ins an trathnóna do bhainidís a bróga ríobh. Nuair a bhidís ag obair sa mbaile do bhíodh sean gioblacha thart timcheall na gcos ag cuid aca agus do bhíodh an cuid ba mho acu cos-nochtuighthe.
Seo sgéal a chuala me i dtaobh bean a bhí in a comnaide i nGríanán fadó darb ainm Stiopán. Tá a mac agus a fear chéile beo fós. Bliain amháin nuair a bhí a fhear chéile i Sasanach tháinig cúpla bean comhasana chun cabrú leí chun an coirce do thabhairt isteach sa ngairdhín agus chun stáca a dhéanam de. Do bhain siad a lán driseóg le corrán chun iad do chur faoi'n stáca coirce. Nuair a bhí na driseóga réidh chun an stáca a dhéanam, bhí an bhean cos nochtuighthe agus bhí a cosa chomh cruaidh sin is do léim sí isteach ar na driseógaibh agus ní dheachaidh na dealga suas in a cosaibh agus do rinne sí an staca coirce.
Is gnátach le paistí an lae indiu dul cos nocht ar feadh an tsamhraidh agus nuair a nigheann siad a gcosa san oidhche deireann na sean daoine nar cheart an t-uisge sin a doirteadh amach mar b'éidir go doirtfid tú an t-uisge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígidh Ní Cuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Flionn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann