Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 172
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl morán sgéalta ag na daoine i dtaobh Dé nó na Naomta. Seo sgéal i dtaobh Dé agus fear eile. Do bhí Dia ag dul thar claidh eagus do bhí fear eile in-a dhiaidh, do bhí a lán crannaibh ins an claidhe sin. Ní raibh bróga ná eadaig ar an bfear nuair a bí sé ag dul thar an claide sin, agus do cheangail sé cuid da chroiceann ins na crannaibh, agus do thuit cuid de ar an dtalamh agus do bí sé ag cur fola. Nuair a srois sé Dia, dubairt an fear leis "bfuil fhios agat ceárd a leigheasfadh mé. Dubhairt Dia leis "iompadh thart agus a croiceann a píocadh suas agus a cur faoi barraill. Do rinne an fear mar a dubhrad leis agus ig ceann cúpla lá dféach an fear faoi an barraill agus céard a bí ann acht a lán lucha agus bainb. Sin é an chaoi a raibh an chéad bhainb ann. Seo sgéal eile a chuala mé faoi Dia.Do bí Dia ag dul thar páirc agus do bí daoine 'na dhiaidh lá, do chauid Dia treasna na páirceanna agus nuair do bhí sé ag dul thar an pháirch seo do chuir sé coirce ann, do bhí na h-éin ag féachaint orra. Nuair do srois na daoine an pháírc, dubhairt duine aca lé éan (?)"An bfhaca tú aon duine ag dul thart ansneo," agus dubhairt an t-éan leis an fear. "Ní fhacha mé aon duine ag dul thart ó cuiread an t-síol coirce annseo." Do bí fhios ag na daoine go raibh an coirce annsin le fhada. Dubhairt éan eile, "Anois do bhí an coirce curtha annseo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Rabhlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Rabhlaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann