Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 96
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann uair amháin agus fuair a fear céíle bás. Ní raibh acht mac amháin aici. Lá amháin bhí sí tinn agus bhí bó le díol aice. Dubhairt sé le'n a mac dul leis an mbuin go dtí an t-aonach agus an pighinn is aoirde d'fághail uirthi. Chuaidh sé leis an mbuin. Bhí seál a mháthar ar an mbuachaill.Nuair a shrois sé páirc an aonaigh tháínig ceannuightheóir chuige agus d'fhéách sé go gér ar an mbuin. Do ghluais sé timcheall an buin ghá n-infhiúcha(?) agus do phrioc sé lé na bata é. Dfiaraigh sé de cé mhéid (?) a bhí uaidh ar an mbuin. "An pinghinn go hárd san aer agus thug (?) don gasúr é. Bhí sé ag cur fearthainne nuair a bhí sé ag teacht abhaiel agus bhí tor beag in-aice an bhothair agus chuir sé seál a mháthar ar an dtor mar bhí sé ag eirghí (?) fliuch agus ba mhaith leis an mbuachaill an tor a chosaint ó'n mbáisteach.Bhí a mháthair an-chrosta leis nuair a bhí a seál caillte agus nuair nach bhfuair sé ach pinghinn ar an mbuin. Dubhairt sí leis an seál d'fhághail. Ni raibh fhios aige cé'n tór ar chuir sé an seál acht tarraing sé aníos tor(?) amháín de'n preámhacha. Bhí pota óir faoi'n dtor sin agus thóg sé abhaile é. Chuir a mháthair i bfoalch san ngaírdín é. Bhí a mac ag féachaint uirthi. An lá na dhiaidh sin nuair a bhí a mháthair imthighthe go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Éil
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Éil
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo