Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 185
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí daoine láidre ins an áit seo fadó. Bhí fear ann darb ainm Padraig "Grimes" ó Tabhnach Cnámh. Do bhí bean in-a-comhnaidhe in aice a thighe agus do bhí cúig cead meadchaint coirce le díol aice. Diarr sí ar Padraig "Grimes" an coirche do dhíol san mbaile mór. Do tháinig sé lá amháin go dtí an teac in-a-raibh an bhean in-a-comhnaidhe agus dubairt se leis an mnaoi go raib se ag dul go dti an baile mor leis an coirce do dhíol.
Do bhí an coirce in aon mhala amhain ags níorbh fheidir leis an mnaoi an mála a cur ar an gcapall ach ceard a rinne an fear act suidh síos ar an dtalamh agus iarract a deanamh an mála a chur ar a dhruim. Sa deire do chuir se an cúig céad meadchaint ar an gcapall agus as go brár leis fo dti an baile mór agus do dhíol se an coirce.
Seán Mac Rabhlaig a cug an tabhar seo dom. Do bhí fear darbh ainm Micéal Mac Airt in-a-achomhnaide i Gríanán fadó, do bhí se ag teacht ó Sasana uair amháun. Táinig se tríd Béal E|asa agus co cheannuig se mála plúir. Do chuir se ar a dhruim é agus as go bráth leis abhaile, agus níor stad se gir srois se Grianán. Tá Béal Easa naoi nó deich míle o Gríanán.
Uair eile a bhí sé ag dul go Sasana agus ag dul isteach go Baile atha Cliath do chuardaig an píléir é agus fuair se buideál poitín air. Do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártan Mac Cuimilín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Rablaigh
- Inscne
- Fireann