Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 192
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ba agus laoigh againn sa bhaile. Tá ainmneacha ar chuid de's na buaibh. Nuair a bhíonn duine ag thiómaínt na mbó deireann sé i mbéarla "gurse" Is é "Coctail" an t-ainm ata ar an laigh. Stábla an t-ainm ata ar tigh na mbó.
Nuair a geibheann na ba féar bionn cuid de fágtha agus cuireann sin mar easair fuithe. Cuireann na daoine píosa fáda admuid ins sheasamh le h-ais an bhaile agus ceangluigheann siad rud ar a tugtar slabhra ar an admuid agus ceangluigheann siad na ba de'n slabhra.
Crochann na daoine cruidhre capaill i dtigh na mbó ionnus go mbéadh rath ar an stoc. Bíonn na ba cruidhte dhá uaire gach la ar maidin agus ;san oidhche. Ma biónn bo gan a bheith ceuidhte gach maidin agus oidhche, cailleann sí an bainne. Nuair a bhíonn an bó cruidhte ag duine craitheann sí bainne lé'n a lamha thart ar an bó. Ní cheart bó do crúdh direach tar éis laigh do bhreith acht is leór i do crúdh uair a chluig no dhá uair tar éis laogh do bhreith.
Bíonn stábla le h-aghaidh an chapaill agus ní bhiónn se ceangailte ar chir ar bith. Bíonn rud ar a dtugtar "rac" ins an gcoirnéal cun an feír no an coirce a chur isteach ann le h-aghaidh an chapaill.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo