Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 204
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit in-aice na h-áite seo ar a tugtar "Garrda Guirt". Paírc mor atá ann timcheall dhá ácra agus deirtear go bhfuil a lán daoine curtha ann, daoine a fuair bás le ocras agus le faobhras le linn an gortaigh mhoír.San mbliadhain sin níor chuir na daoine morán fataí agus nuair a thaínig an gorta bhí na sgiollán ithte suas as an talamh ag cuid des na daoine súl ar fásadar chor ar bith.Aon oidhche amháin d'fán Sean O Coinnigh beann Dé lé'n a ainm, ina shuidhe ar feádh na h-oidhche ag tabhairt aire dos na prátai. Tar éis tamaill chonnaic sé fear ag teacht chuig an pháirc in a raibh na prátai. Chuaidh Seán suas leis chun cosg a chur leis. Bhí sé go h-án lág. Diarr an fear ar Seán an raibh cúpla prátai aige cun tabhairt dó le nithe. Dubhairt Sean nach raibh aon prátaí aige ach go dtógfadh sé píosa araín dó agus nuair a bhí an píosa arán aige dimthigh sé.Do bhí sagairt ag cabhrú le na daoine cun biadh a fhághail agus bhí ar na daoine ó'n áit seo dul go Paírc go dtí an sagart chun chupla púnt míne agus pluír d'fághail. Do bhí an sagart ag iarraidh prátaí d'fághail o Sasnac agus sin é an caoi fuaireadar na prátai aca anois.(Tug mo sean-athair Pádraigh Mac Éil an t-adhbhar seo dom)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Éil
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71