Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 220
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá droichead deág ar an mbóthar sin agus deireann na sean daoine nach raibh aon droicead ann fadó agus nach raibh aon bóthar ann acht an oiread. Bhíodh casán an chaol déanta de chlochaib. Deireann na sean daoine gur le linn an ghortaig a dhéanadh na bóithre sin. Do bhíodh na fir agus na mná ag obair ionnta agus gheibheadh na fir agus na mna láidre raol sa ló agus na daoine laga trí pinginn sa ló.Tá sean casán ag dul sios an cnoc idir Largan agus Atty Appleton agus ceann eile o Doirín go dtí Port-Abann. Tá ceann eile freisin trid an phortaigh ó scoil Gríanáín go Doirín agus dhá cheann eile ag sínead treasna na bportach ó'n ait seo go dtí an bóthar ó Caisleán-a-Bharraigh go Pont-Abhann.Tá droichead ar an abhainn atá mar teorann idir Gríanan agus Tabnach Cnámh agus uair amháin do bhí tháilliuir in a chomhnaide i nGríanán in aice na sgoile ins an teach in a bfuil Pádraig Mac Séambarsac in a chomhnaide anois. Bhí dhá culath éadaig le déanamh aige le h-aghaid beirt fhear i dTabhnach Cnámh, duine aca darb ainm Sheridan agus duine eile a bhí in a chomnaidhe ins an dteach in a bhfuil Brígidh Ní Chearnaigh anois. Do bhí an táilliuir ag fuaghail ar fead an lae agus ní raibh na culatha críocnuighthe aige tuiteamh na h-oidhche agus do bhí air na culatha eadaigh d'fhagail i dtighthe na bhfear an oidhche sin.Bhí se a dó dhéag a chlog (meadhon oidhche) nuair do bhí se ag dul thar an abha sin agus do bhí an ghealach ag soillsiugadh. Go direach nuair do léim se thar an abhann chonnaic se rud bán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo