Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomhdha seanchas atá ann i dtaobh na h-aimsire. Deirtear nuair a bhíonn solus gorm ag teacht as an luaithribh go bhfuil droch aimsir ag tracht.
Nuair a bhíonn an cát ag sgríobhadh adhmud an dorais sin comhartha go bhfuil stoirm mór ag teacht. Nuair a bhíonn an spéar dearg san iarthacht agus an ghrian ag dul faoi sin comhartha go bfuil aimsir maith ag teacht. Deireann an sean-fhocal. "Trathnóna dearg is maidin ghlas comhartha d'áilneacht is teas".
Nuair a bhíonn an ghaoth ag teacht adhtuaidh sin comhartha sneachta. Nuair a bhíonn na fainleóga ag eitile go h-iséal sin comhartha stoirme.
Nuair a bhíonn an ceó ar na sleibhte sin ceó an dona [?] Nuair a bhíonn ceó ins an ngleann sin ceó an soineas. Deireann an s ean-fhocal, "Ceó soininne ar aibhnibh-ceó doininne ar cnocaibh."- Bailitheoir
- Máire Nic Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo