Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 175
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo scéalta i dtaobh Naomh Brighide.
Bhí Naomh Brighid ag siubhal thar an áit seo agus cuala sí fear ag caoineadh. Connaic sí teac agus chuaidh sí isteach ann agus connaic sí fear ina luige ar leaba ag fághail bháis. Bhí crosóg deas ag Naomh Brighid agus dubairt an fear go bfhaca sé a lán crosóg mar sin at nac raibh fhios aige cen fath a raibh sé aici. Dubhairt Naomh Brighid go raibh sé in ónóir den am a fuair Ár Slanuightheiur bás agus dinnis sí dí gac rud i dtaobh Íosa agus a Mháthar agus baist an Naonh é. Annsin fuair se bas.
Tá scéalta eile i dtaobh Íosa agus a Mháthar.
Cuaidh an Mhaighdean Muire agus a leanbh go teach, Oidce Nodlag agus lóistín a tabhairt dí. Do thug an bhean lóistín agus bíad dóibh. Cuir an Maigdean Muire rath ar an teac agus dubhairt sí go mbead páisté beag ins an teac sin roimh deire na bliadhna. Cuaidh an Maigdean Mhuire go teac eile agus d'iarr sí an rud ceadna ar an bean sin. Níor thug an bhean bíadh nó lóistín doibh mar ceap sí gur bean deirce a bhí ann. Dubhairt an Maugdean Mhuire na gcuirfidh Dia aon páiste chúig an teac sin agus níor chuir.- Bailitheoir
- Caitlín Ní hEalaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Pontún, Co. Mhaigh Eo