Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 193
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn cruidhte ag teasteál ó'n gcapall téigheann duine chun an gabha leis, Bíonn capall óg timcheall trí bliadain d'aois roimh a cheannsu.
Beathuightear caorach ar na sléibhte agus nuair a lomratar iad beireann siad an ólann go dtí an muilinn i mBéal Easa agus díoltar é.
Nuair a bíonn duine ag gladhach na gceart agus na sicíní deireann siad "tiuc, tiuc, tiúc" agus nuair a bhionn siad ag glaoidheac na ngé deireann siad, "baidi, baidi baidi".
Bhíonn an cearc trí seachtmhain ar gor ar na h-uibheacha agus annsin tagann na sícíní óga amach. Ma gheibheann duine dhá sórt uibheacha o tigthe cuireann sí marc de peannluide ar shórt amháin agus ámanta dubhach ar an tsórt eile. Bhíonn na lachain ceithre seactmaine ar gor ar na h-uibheacha. - Fadó bí bo bhan ann agus bhí a lán bainne aice. Bí gach duine ar fud na h-áite' na - raibh sí ag faghail bainne uaithe. Lá do thainig an fear seo cun bainne a fhághail ón bhuin sin. Criathar a bí aige chun an bainne a cur isteach ann agus bí a lan poll beag ann. Thósuig sé ag crúdhad na bhó agus do bí sé ag crúdhad na bó ar feadh uaire(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígidh Ní Rabhlaigh
- Inscne
- Baineann