School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 510](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_510.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 510
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 510
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Imí leat anois, a Athair," ar seisean, agus bí cinnte go ndéanfai tú an margadh i gceart."
Bhuail an t-athair an bóthar amach do féin agus níor bhfada gur bhain sé teach an Ghabha amach. Thoisí' an gabha ag obair agus chaith sé an chéad spád i leath-taoíbh agus thoisí sé a tochailt a chinn. Bhí an fear a faire air feadh an ama. Annsin thóig sé an dara ceann agus thárlaí an rud céadhn[a.] Rinne sé an tríomhadh ceann annsin agus rinne sé i gceart é. Do thóig an fear an tríomhadh spád agus dubhairt sé - "Tá's agam nách bhfuil an dá cheann eile déanta i gceart agat."
"Cé dubhairt é sin leat?" arsan Gabha.
"Tá's agam é," arsan t-athair, "Mar dubhairt an mac atá agam sa mbaile liom sul ar fhág mé an teach nách mbeadh an dá spád sin deanta i gceart agat Dubhairt sé liom fosta go mbeitheá ag tochailt do chinnn i ndíai' an dá cheann sin agus gur b'shin cómhartha nách mbeadh siad déanta i gceart."
"Bhfuil fios aige nó rud ar bith?" arsan Gabha leis.(continues on next page)- Informant
- Kitty Corrigan
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo