Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 219
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- ghfolach san chruaich. Thug sí leíthe é agus d'imigh sí abhaile. Ní fhacaidh an fear bocht í ón la sin amach.Siodh ScealBhi sin ann agus is fada ó bhí. Bhi fear i n-a chomnuidhe i Málain Bhig le n- a mhnaoi. Ní rabh de chlann aca acht giorrsach bheag amháin. Lá amháin chuaidh an fear 'na phortaigh agaus nuair a bhí am tae ann chuir an bhean an ghiorrsach bheag seo suas le n-a chuid tae. Nuair a bhi an t-athair i n-a shuidhe ag ól a chuid tae scairt an cailín amach, "Amharc anois a athair, thiocfadh liom-sa an bád sin amuigh ag bun na spéire a thabhairt isteach agus í a bhriseadh ar an charraig sin thios de chois an chladaigh." "Á ní thiocfadh," arsa an t-athair, "Tá mise níos láidre ná thú agus ní thiocfadh liom sin a dhéanadh. "Bhal amharc ormsa anois," arsa an ghiorrsach, ag imeacht leíthe sios go dtí tobar beag uisce is thoisigh sí a chur thart an tobair. "Anois," arsa sise, "nach bhfuil mé ag tabhairt isteach an bháid." " Tá cinnte," arsa an t-athair. "Anois," arsa an ghiorrsach, "bhrisfidh mé í." "Ní bhrisfidh," arsa an t-athair. "Amharc" arsa an ghiorrsach, ag tabhairt léim isteach ins an tobar. Le sin thainig an bád isteach ar an charraig agus rinneadh míle giota duíthe. "Anois nach(leanann ar an chéad leathanach eile)