Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá loch a’Chrupain ‘na loch beag ag taobh loch Duibhne, ag bun na Cruaiche tuairim dha mhíle ó teach s’againne. Ins an loch seo tá bróg óir i bhfolach.
Chualaidh fear as an Bhrághad istigh go rabh sí ann agus thainig sé amách lá amhain agus leig sé an loch. Nuair a bhí an loch tirim fuair sé an bhróg.
Bhí lúthghair mhór air ag dul abhaile leis an bhróig acht ní thiocfadh leis codhladh an oidhche sin. Oidhche in a dhiaidh na h-oidhche eile ní rabh codladh lé fághal aige agus sa deireadh rinne sé amách gur an bhróg ba chionntach leis seo.
D’éirigh sé maidin amhain, thug leis an bhróig agus níor stad gur chaith sé í isteach sa loch aris. Ó’n lá sin go dtí’n lá indiú níor iarr aon duine an bhróg fhághail. Tá sí na luighe ar thóin loch a’Chrupain [?].- Bailitheoir
- Proinnsias Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Gádhra
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall