Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 61
- XML “Scéal - Waterloo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a throideadh Cath Waterloo ghlac sé támall fáda sgéul an cátha theacht go Gleanncoluimcille agus seo an rud a rinne Séimín O’Coinnea indiaidh cluinstin fa’n chath.
Bhí Séimín na fhear mhór urradhanta láidir mar bhí a mbunadhas san ám seo. Bhí sé na phóiteóiri mhór fosda. Ní rabh “garsaí” ar bíth i nGleánn san ám na moran iomra orthú. Isteach ó’n fairrge thigeadh tóir an phóitín. Thigeadh bád mór leobhtha agus annsin thigeadh siad isteach i mbád beag ‘na Pholl Gorm. Sguabadh siad iomlan an Gleánna annsin.
An lá thainig sgéula ‘soir Seimín ar an Clochan go rabh an bád amuigh. Clochan baile beag taobh ó thuaidh dé’n Gleánn an Ait a bhí Séimín na chómhnuidhe. Bhí sé deánamh réidh lé braon maith poitín a dheánamh agus nuair a thainig an sgéula bhí gach rud lé cuir i bhfolach ag Séimidh agus gan aon duine aige lé cuideadh leis. Cheana fein bhí na saighdiúirí ar an Bhaile-Árd agus achan bhomaite bhí siad ag teacht níos comhgaire.
Bhí an t-án deifre agus sputar ar Séimín agus caidé tharla acht thuit sé síos i bpota na h-áithche agus geárradh uilig fa’n éadan é.
‘Na dhiadh sin ‘r uilig bhí deireadh i bhfolach ag Séimidh agus é in a sheásamh ag doras a thíghe nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac g Fionnlaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Fhothair, Co. Dhún na nGall