Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 32
- XML “Scéal - An Ghaoth-Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul: An Gaoth-Sídhe.
Tuairim céad bliadhain ó shoin bhí fear na chómhnuide ar an bhaile seo Mín na bhFian darbh ainm Pátan O'Baoghaill.
Ag gabhal ó sholuis do tráthnóna amhain chuaidh Pátan 'na cnuic fa choinne an eallaigh mar ba gnátach leis. Bhí sé ag bogadh leis ar a shuaimhneis na trathnóna samhraidh ciún té a bhí ann.
Lé sin tig rud éigínteacht air agus tógadh suas san aer é. Ní thiocfadh leis fághail anuas na stop a chuir leis fein. Bhítear a thabhairt suas ar an ghaoth. D’aithin sé go rabh sé ag imteacht isteach bealach Glinne agus nuair a bhí sé istigh os cionn an Mullach-leáthan na Ceann Glinne bhíthear a thabhairt amách os cionn na fairrge-móire.
Shaoil Patan bocht go rabh a rása tugtha sa deireadh nuair a tháinig bean roimhe agus phill isteach é. Bhí sé ag imteacht suas leis fríd an aer go dtí sa deireadh nuair a bhí sé ag gabhail thart lé binn tíghe fuair an duine bocht greim ar crann dé na pionnaighibh.
Congbhaigh sé an greim na bhí 'n greim cosamhail lé greim duine bhaidhthe agus ar maidin fuair bunadh ‘n tighe crochta lé binn an tighe. Teach dé na Dochartaigh shuas i nAilt Chloch a rabh sé crochta ar an bhinn.
Bhí na daoine ag deánamh amách gurb í an Mhaighdean Mhuire an bhean a tháinig roimhe agus a phill isteach agus shábhal é.- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dimnic Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall