Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amhain bhí fear as Teidhleann ag cuartughadh caora shuas neas dé loch Cró-each. Leán Dobhar-chú é. Sgánnruigh an duine bocht go mór i dtoiseach agus ní rabh iongantas ar bíth do annsin na ma tcídh an dobharcú duine sul a bhfeicfidh an duine é mairbhfidh sé é cinnte agus mar i gceudna ma tcídh an duine é an chead uair gheobhaidh (an duine sé) ar siúbhal air.
‘Nois thoisigh an fhear seo ráchaidh comh mór is thiocfadh leis amách agus isteach i gcúl na gcarraic ag iarraidh corr a chuir ar an dobharchú. Bhí sé giota maith ar gcúl go fóill agus caidé rinne an fear acht a chota, a bhí leis faoi’n ásgaill, a spréaghadh ar charraic a bhí ann agus is go bráthach leis arais.
Thainig an dobharchú lé rása mór go dtí’n charraic agus nuair a chonnaic sé an cota shíl sé cinnte go rabh an fear aige. Rinne sé air lé na cheann acht mhárbhuigh sé é fein ar an charraic.
Cupla lá na dhiaidh sin ghlach an fear misneach a ghabhail fa choinne a chota agus caidé’n rud a chonnaic sé acht an dobharcú na luighe márbh ag taobh na carraice. Shábhal an chota é.- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cait Ní Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall