Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 77
- XML “Scéal - An Gob”
- XML “Ramás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuaidh bean as Málainnbhig amách go Teidhleann ag cuartaigheacht. Bean sánntach a bhí inntí. Tugadh gráinín mine dí nuair a bhí sí ag fágailt amuigh acht nuair a bhí sí leáth-beálaigh isteach thuit sí agus dhoirt sí cuid dé’n mhin.
Ní thiocfadh léithí í uilig a chruinniughadh agus bhí sí buadhartha. Ghuidh sí Dia gob a chuir oirthí sa dóigh a mbéadh sí ábalta an min uilig a phiocadh suas. Thainig an gob oirthí.
Nuair a bhí deireadh piocaidh aicí ní rabh an gob ag imteacht. Ghuidh sí annsin an gob a imteacht dí acht níor imtigh. D’fan an gob oirthí go bhfuair sí bás.- Bailitheoir
- Mairéad Ní Giolla Easpuig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Giolla Easpuig
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Rámas.
Sgéul fada binn,
Gur maith an t-im leis an aran,
Sgéul beag eile gan suim,
Nach bhfághann muid é acht go h-ánnamh.