Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr deárbhrathair istigh ar an Dúbhtaigh i nGleanncoluimcille. Bhí bád acú agus lá amhain dúbhairt fear acú gur mhaith an rud nuaidheacht éisg fhaghail. Rinne siad réidh agus chuaidh amách sa bhad. Nuair a bhí siad amuigh giota taobh amuigh dé Rath Méise connaic siad suiste mór ag teacht. Bhí aibleóg sa bhád agus chaith fear acú in-aghaidh an suiste í agus shocruigh sí é. Lé sin thainig an dara cionn agus chaith Eóin a bhróg in aghaidh agus shocruigh sí í. Acht anois bhí’n tríomhadh cionn ag teacht cionn a bhí créathnaigheach agus sgánnruigh an tríur acú. Sheas an fear a ba sine (Marcus) Éoin i dtoiseach an bháid agus sgian in a láimh aige. Comh luath is bhuail an suiste an sgian tárranughadh as a lámh í agus shocruigh an fhairrge.
Nuair a chonnaic siad goidé thárla phill siad ar lug na drudhan comh gasta is thainig leobhtha agus chuaidh i gcionn a gcuid oibre.
An oidhche sin go h-án mhall chualaidh siad márcach ag teacht go dtí’n doras. D’fosgail siad an doras agus bhí sin ann. Nuair a d’fiafraigh siad goidé bhí dhioghbhail air dúbhairt sé duine acú a ghabhail leis go Camus Binne go rabh gnoithe aige lé deánadh annsin agus go bhfágfadh sé an duine a ráchadh leis slán sa bhaile arais mar bhí sé.
Dúbhairt fear acú fríd a fiacla go ráchadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Ioseph Uí Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall