Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 114
- XML “Scéal - An Camán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche amhain fad ó chuaidh gasúr go dtí’n tobair fa choinne stopa uisge. ‘Nois bhí’n tobair ag taobh na páirce in a mbíodh sé é fein agus na gásraigh eile ag imirt ann.
Nuair a d’amharc sé goidé chonnaic sé acht páirtí ag imirt cámain sa pháirc. Chuir sin iongantas air na ba é an chéad uair daobhta ariamh ghabhail a imirt gan cuireadh a thabhairt dó-san na ba eisean an fear i bfeárr acú uilig i gcionn an chámain.
Ní dheárn sé aon dáth amhain acht pilleadh abhaile leis an uisge agus an stópa fhágailt taobh amuigh dé’n doras, agus pilleadh áth-uair go dtí’n pháirc. Léim sé isteach thar an claidhe agus bhí an páirtí ag imirt ríth an áma acht chonnaic sé anois gur daoine coimhtigheacha uilig a bhí ionntú agus ní h-iad na gásraigh ar comhair ar bíth.
Sheas sé san ait a rabh sé agus análl lé feár acú agus shín cáman ionnsoir ag rádh san ám ceudna. “Nuair a thiocfas an búl aniar gabh i bhfásta leithí agus cuir báire shíor udaidh”. Ní rabh i bhfad go dtainig an búl fhad leis agus níor leig sé ar siubhal í gur chuir sé báire.
Lé sin thoisigh an greánn agus an bhualadh bós agus i gcionn na bomaite bhí siad uilig imtighthe as amharc acht é fein agus an feár a thug an cáman dó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac a' Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76