Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 63
- XML “Scéal - An Rón”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fir amách i mbád uair amháin go dtí uaighe ag márbuigheadh rón. Ba ait mór de na rónaibh a bheith na luighe san uaigh seo. Bhí bátaí móra lé cuid acú acht bhí fear amhain a rabh gabhal leis.
Nuair a bhí siad támallt ag obair bhí rón mór amhain ag imteacht orthú agus shaith an fear seo an gabhal ann acht d'imtigh an rón air agus bhris cos an ghabhla inda cuid. Acht ma d'imtigh fein bhí an gabhal i bhfastodh ann.
Thainig an fear abhaile indiaidh lá mór sport a chuir isteach indiadh na rón.
Támall fada na dhiaidh seo d'imtigh sé go h-Álban agus ina siubhal chuaidh sé isteach i dteach ag iarraidh lóistín. Fuair sé sin.
Bhí seanduine sa teach agus chaith an bheirt acú an oidhche ag seánachus cois teineadh. Bhí seisean ag innse dó fa'n cineal áma a bhí aige sa bhaile i nÉirinn ag iasgaireacht agus an spórt a bhí acú lá indiaidh na rón agus mar d'fág sé fein a gabhal sáithte igcionn acú. D'fiafraigh an tseanduine an aithneochadh sé a gabhal agus dúbhairt sé go ndeánfadh. D'éirigh an tseanduine agus leag sé anuas an gabhal briste a bhí shuas ins na taobhain. "B'sin é an cionn ceadna" arsan tÉireannach. "Is beag a shaoil tú nuair a sháith tú sa rón é gur ionnamsa a sháith tú é" arsan tseanduine.- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac a' t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall