Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 60
- XML “Scéal - An Teagasc Críostaí”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Casadh gasúr beag tinclearaí ar Sagart lá amhain. D'fiafraigh an Sagart rabh an Teagasc Críostaidhe aige. Dúbhairt an gasúr nach rabh."O! Bibó! arsan Sagart, tá tú ar téad ag an diabhail.""Cuirfidh mé geáll arsan gasúr nach bhfuil fios agat-sa ca mhéad sreáng iarainn a dheánfas rideál?""O! goidé mar bhéádh fhiso agam-sa sin, a Bhitheamhnaigh Bhig? arsan Sagart."Tuigim, tuigim, arsan gasúr, achan duine agus a cheird fein aige"
(Donnchadh Ua Gádhra, Mín na bhFachran, a d'inis an sgéul seo agus 32, 33 fosda)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghadhra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ua Gadhra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall
- 59) Is olc an tríomhadh uair nach mbainfinn.60) Ní h-ionann dul 'un aonaigh agus teacht as.61) Bíonn an fhírinne fein seárbh go minic.62) Faithchill indiadh na faillighe
63) Ní thig eolas gan aon-toigheas agus ní thig aon-toigheas gan roinn.
64) Bean gan leánbh, bean gan leith-sgéal.