Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 34
- XML “Scéal - Mícheál Ua Cárradan”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh fear bocht ag gabhal tharta annseo tuairim trí sgór bliadhain ó shoin darbh ainm Mícheal Ua Cárradan. Chuaidh sé isteach i dteach ghállda síos i Roisín na gCeall (Na Cealla Beaga) lá amháin. Bhí déideadh ar bhean an tighe agus d'iarr sí ar Mhícheal paidir a radh dí a léigheasadh í.
"Déirfidh cinnte," arsa Mícheal agus thosaigh sé.
"A sheanbhean Phresbyterian,
Nar ghéill ariamh do Mhuire,
Go dteánnuighidh ort an déideadh.
Go dtéidh tú ar mire."- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cait Ní Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- 32. Is ionann mac is a bhéith gan aon mhac, is fearr sa mhac na bhéith gan mhac, acht an t-é a mbíonn aige a sé na 'an seacht ní dheántar a chreach uilig i n-aoinfeacht.
33. Ní fhághann dorn druidte acht lámh fóllamh.
34. Cástar na daoine ar a chéile acht ní chastar na cnuic na na gleanntaí.
35. Is fearrde dé na bróintibh a mbreacadh.
36. Gheibh na ba bás fhad is bhíonnas an féar ag fás.