Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 76
- XML “Scéal - An Fhaoistin”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann ám amhain agus théigheadh sí 'un faoisidine uair amhain sa mhí. 'Nois bhí dhá mionna aicí "Dam Divel" agus "Divel Dam" acht ní rabh dol aicí cuimhneamh ca mhéad uair a déirfeadh sí iad.
D'iarr an Sagart oirthí cloch a chuir i mála an uile ám a déarfadh sí iad feásda. Rinne sí sin.
Bhí go maith go dtí lá na faoisidine arais. Chuaidh sí isteach 'soir an tSagart agus nuair a d'fhiafraigh siad caidé na peacaidh a bhí deánta aici, arsa sise, "Sin mala dé na "Dam Divels" agus tá Paidí Mór ag teacht aníos an beálach mór lé lód dé na "Divel Dams" - 65.
Ní bhéirfear ar éasóg 'na chodladh.66.
Is minic a bhí dúbhadh mór ar bheagan feárthainne.67.
Crann foighde an crann is airde 'sna Flaitheas.68.
Is minic a tháinig maith mór as moill bheag.