Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 18
- XML “Scéal - Paití Ó Aoinigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céad go leith bliadhan ó shoin bhí fear ‘na chómhnuidhe ar an Átharach i dTeidhleann darbh ainm Paití O’Aonaigh.
Bliadhan amhain ní rabh an cíos aige lé díol. Bhí sé ag teacht aníos ‘na carraice lá agus cé téidh sé ag tarrangt air acht an tíghearna-tálamh, fear darbh ainm “Hamilton” as Cora Críche.
Thainig leisg air siocar nach rabh an cíos díolta aige. D’úmhluigh sé dó’n tíghearna agus ‘sé dóigh a deárn sé é, chuaidh sé síos ar glún amhain.
“O! Phaití, arsan tíghearna, ca tuige nach dtéidheann tú síos ar do dha ghlúin?”
“Bhal! arsa Paití, tá’n tíghearna os ar gcinn uilig a dtéidh muid ar ár ndá nglún do.”
Sean-fhocail
(15) Níor (fhan) mhill coimhead maith dadaí ariamh.
(16) Is binn béal na thost acht ní ceólmhar.
(17) Is fada an casan gan casadh.
(18) Ní thig leis an roithleach fein an da thraigh fhreastal.
(19) Níl aithreachas mall maith.- Bailitheoir
- Mícheal Ó Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall