Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim chead bliadhain ó shoin rinne bunadh na Crionmhíne amhran do mhuirín istigh ar a Dúbhtaigh. Tá’n Críonmhin na bhaile beag thall ag bun Shliabh Liaig agus tá’n Dúbhtaigh na bhaile beag istigh i nGleanncoluimcille cois fairrge. Nuair a bhí’n t-amhran deánta ní rabh an bunadh istigh sásta.
Bhí fear dé na Baoghailligh sin dé bunadh na Críonmhine ag gabhail isteach lá amhain na bhí daoine muinteardha ag ar an Dúbhthaigh agus goidé thárla acht go rabh fear dé bunadh na Dúbhthca ag teacht amách. Cásadh an bheirt acú ar a chéile agus arsa fear na Dúbhthcha :-
A Bhaoghailligh Bhig Óig,
Ní dóigh gur chaill tú do chiall
Na go rabh baint agat dé’n ceól ar ndoiche
Rinneadh fa’n tsliabh
Ní rabh na file da mbur gcómhair.
Acht dornán ghásraigh gan feidhm
Is ma bhíonn sibh i dtígh an óil
Gheobhaidh sibh dórn ó Chlánna Ui Néill
Dfreagra fear na Críonmhine mar seo :-
Jacky ar ndoiche
Nach agat tá’n sport ‘s a greann
Is é chuir tú mó chomhair é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Lamhna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall