Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an brachánn a bheith reidh aicí nuair a thiocfadh sise. D'imthigh siadsan leo agus d'fhág siad eise istigh.Thoisigh sí a chaoineadh mar nach rabh sí ábalta an brachán a dhéanamh. Ní rabh sí i bhfad ag caoineadh gur chualaidh sí tormán ag an doras. D'éirigh sí agus d'osguil sí é annsin do shiubhal an chaora dhubh isteach. D'fhiafhruigh an chaora díthe cad chuige a rabh sí ag caoineadh. D'innis sí díthe an fáth. "Bhal, arsa an chaora; fanóchaidh mise istoigh agus deanfaidh mé an brachan agus imthigh thusa chuig an damhsa fosta!! "Níl culaith nó bróga nó a dhath agam le dhul" " cas an adhairc." arsa an chaora dhubh. Do chas agus do tháinig culaith dheas agus bróga deasa airgid amach aisti. " Anois, arsa an chaora dhubh "Má imthigheann an bhróig deis duit ar an dó-dhéag a chlog pósfar thú ar mhac an rí."
    D'imthigh sí léithe chuig an damhsa agus nuair a chonnaic an mháthair agus an inghean eile í tháinig iongantas ortha. Bhí achan duine ag rádh. " Cé h-í an cailín deas sin". Annsin do thoisigh sí ag dhamhsa. Do theich an mháthair le náire nuair a chonnaic sí an ingheann bhocht seo go galánta agus í féin go bratógach. D'imthigh an bhróg airgid díthe ar an dó-dhéug a chlog agus is é mac an ríogh do fuair í. Annsin trí lá i n-a dhiaidh sin pósadh an bheirt agus do chuaidh an inghean bhocht a chomhnuidhe i dtoigh an ríogh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall