Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 204
- XML “Báthadh”
- XML “Dóghadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Báitheadh bean thoir i n-aice le Corrán-Binne. Bhí sí naoi dtroighthe naoi n-uaire. Shiubhal sí an fhairrge uilig is cosamhail go rabh sí le fágail annsin agus i n-a diaidh sin baisteadh "Poll a Ghoill" air.
Cailleadh fear i nInnis Bó Finne, tá fad ó shoin. Bhí sé ag gabháil chun an bhaile agus é ag marcaigheacht ar chapall. Nuair a bhí sé ag gabháil trasna tháinig tonn agus chaith sé anuas ó'n chapall é. Shnámh an capall nó go dtáinig sé isteach ar an oileán. Ní fhuaireadar an fear go cionn fada go leor. - Bhí lucht faire na gcuan i n-a gcomhnuidhe i Machaire Rabhartaigh. Teach bréagh árd a rabh siad i n-a gcomhnuidhe ann. Nuair a chuala siad iomrádh ar an chogadh a bhí le theacht tháinig long fad leis an chéidh. Bhí a gcuid toighteach fágtha agus gan aon duine ionnta. Annsin tháinig eagla ar na daoine go dtiocfadh Arm na Sasana a chomhnuidhe ann. Tháinig na saighdiúirí agus dhóigh siad an teach mór.
- Bailitheoir
- Séamus Mac Géidigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall