Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mo cheanntar féin suidhte i Mín-na-lárach, i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh, i mbarúntacht Chill-Mhic-Eineáin. Ceitre toighthe agus fiche atá ann. Toighthe sglátaí atá ann anois acht fadó ní raibh sglátaí ar an teach ann.Sí an Ghaedhilg an ghnáthach teangaidh atá ann anois agus a bhí. Sé an fáth ar tugadh Mín-na-Lárach air: Fear arbh' ainm dó Tomás Beag a bhí 'na chomhnuidhe istigh i Innis-Bó-Finne agus bhíodh a chuid lárach amuigh aige gach geimhreadh annseo, ag inghilt ar an talamh mhín atá thart fá'n chladach i Mín-na-Lárach. As an talamh mín baisteadh mín agus as na láir baisteadh lárach.Is mó i bhfad an méid seanduiní do bhí ann fadó i gcompáraid leis an méid atá ann indiu. Fuair cuid mhór acú bás le anró agus le fuacht fadó. Na h-ainmneacha atá ortha fá láthair: Brighid Ní Ghallchobhair, Róise Nic Fhionnlaigh, Séamus Mad Aodha agus a chéile Sorcha Nic Aodha, Seán Ó Gallchobhair, Donnchadh Ó Gallchobhair, Seán Ó Curráin, Eoghan ó n-Oighreachtaigh, Seán Ó h-Oighreachtaighe, Anna Ní Dhubhchan, agus Máire Ní Oighreachtaighe. Cloinn Uí Gallchobhair an sloinneadh is coitcheannta ar an bhaile agus cloinn Uí Oighreachtaighe an dara sloinneadh is coitcheannta.
Thig leobhtha sgeultaí go leór Gaedhilge a innse agus rudaí maithe fosta. Níor chuala an chuid is mó aca aon fhocal Béarla ariamh. Tá deich gcinn de sean bhallógaí ann agus iad comh sean leis an cheo. Ballógaí i n-a raibh dhaoine i na gcomhnuide ionnta sula rabh iomrádh go mbéadh toighthe thuas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall