School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 216
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bráthach a mbéadh ceann sglátaí ortha. Is iomdha duine acú a chuaidh go America agus a tháinig anall aríst agus a bhí ábalta toighthe bréaghtha a thógáil suas do na muinntir san bhaile. Ní fiú trácht ar a bhfuil acú ag gabháil go America ins an am atá i láthair. Níor chula mé gur cuireadh ainm an bhaile ariamh i n-amhrán nó i sean-rádh. Talamh maith atá i gcuid de. Níl aon aibhneacha nó locha inntí.
Sorcha Ní Ghallchobhair,
Mín-na-Lárach,
Gort-an-ChoirceSeán Ó Curráin,
Mín-na-Lárach - Machaire-Rabhartaigh is ainm do'n bhaile a bhfuil comhnuidhe orm, Cloich-Cheann-Fhaoilidh is ainm de'n pharróiste, atá i mbarúntacht Cill Mhic Éanain. Tá suas le tríochmhadh teach ar an bhaile acht ní raibh an oiread sin ann fadó. Ní raibh ann acht fiche agus a cúig teach fad ó shoin. Slinn atá ar an chuid is mó de na tighthe anois agus tuighe ar an chuid eile. Seo an fáth gur baisteadh an t-ainm ar an bhaile. Aon uair amháin bhí fear agus a mháthair i na gcomhnuidhe ar an bhaile seo. Ní rabh ann acht iad fhéin. Rabharthaigh a bhí ar an fhear agus bhí machaire mór talaimh aige. Is mar sin a baisteadh Machaire-Rabharthigh ar an áit.Tá scór sean-duiní ar an bhaile ins an am atá i láthair. Tá Gáedhilg aca uilig agus thig leóbhta sgealtaí a innse i nGaedhilg. Séamus Mac Fhionnlaigh, Brighid Nic Fhionnlaigh, Seán Mac Fhlaithbheartaigh, Nábla Ní Fhlaitbheartaigh, Micheál Mac Pháidín, Máire Ní Churráin, Máire Ní Ghallchobhair, Máire Ní Chanann, Peadar Mac Fhionnlaigh, Mánus Ó Briain, Máire Nic Fhionnlaigh, Máire Ní Géidigh, Peadar Ó Canann, Seán Mac Gaothcháin, Eibhlín Nic Gaothcháin, Anna Nic(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Chanann
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Domhnaill Mac Gránna
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall