Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Machaire-Rabhartaigh is ainm do'n bhaile a bhfuil comhnuidhe orm, Cloich-Cheann-Fhaoilidh is ainm de'n pharróiste, atá i mbarúntacht Cill Mhic Éanain. Tá suas le tríochmhadh teach ar an bhaile acht ní raibh an oiread sin ann fadó. Ní raibh ann acht fiche agus a cúig teach fad ó shoin. Slinn atá ar an chuid is mó de na tighthe anois agus tuighe ar an chuid eile. Seo an fáth gur baisteadh an t-ainm ar an bhaile. Aon uair amháin bhí fear agus a mháthair i na gcomhnuidhe ar an bhaile seo. Ní rabh ann acht iad fhéin. Rabharthaigh a bhí ar an fhear agus bhí machaire mór talaimh aige. Is mar sin a baisteadh Machaire-Rabharthigh ar an áit.Tá scór sean-duiní ar an bhaile ins an am atá i láthair. Tá Gáedhilg aca uilig agus thig leóbhta sgealtaí a innse i nGaedhilg. Séamus Mac Fhionnlaigh, Brighid Nic Fhionnlaigh, Seán Mac Fhlaithbheartaigh, Nábla Ní Fhlaitbheartaigh, Micheál Mac Pháidín, Máire Ní Churráin, Máire Ní Ghallchobhair, Máire Ní Chanann, Peadar Mac Fhionnlaigh, Mánus Ó Briain, Máire Nic Fhionnlaigh, Máire Ní Géidigh, Peadar Ó Canann, Seán Mac Gaothcháin, Eibhlín Nic Gaothcháin, Anna Nic(leanann ar an chéad leathanach eile)