Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 244](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_244.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 244
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus teach ar bith a mbíodh dhá lán mála de fhionnadh capall aca ghníodh siad ropaí de. Shuidheamh fear thuas ag an teinidh agus an duine eile thíos ag an doras, Gheibheadh siad sreangán mór fada de chórda agus thoisigheadh siad a chórnuighadh an fhionnaidh thart air. Bhíodh siad i na suidhe ag gabháil de go h-am luighe. Agus nuair a thigeadh am luighe bhíodh rópaí deas fionnaidh deánta aca.
" An dóigh a ndeántaoi tubáin"
I dtús báire geibheadh siad barraille mór agus gheárradh siad anonn treasna san lár é. Annsin shuidheadh fear thíos l lár an toighe agus gheibheadh sé greim ar fhonnsa, agus fear eile ag cur na gcláraí i n-a seasamh suas indiaidh a chéile. Annsin nuair a bhíodh an méid sin deánta acú gheibheadh siad tóin baraille agus compáis agus thomhaistidhe tóin an tubáin leis an gcompáis. Chuirtí an tóin annsin ann agus chuirtí (Tóin) dhá fhonnsa eile air.
" An dóigh a ndeántaoi sguabaí."
Théigheadh siad siar nó suas na gcnoc agus bhainfadh siad ualach mór fraoich. Annsin nuair a bhíodh an fraoch bainte acú, gheibheadh siad stacán mór de bhata giúis. Ghreamuigheadh siad an fraoch de bhun an bhata le cordaí, agus sin an cineál sguab a bhíodh acú."An cineál árain a bhíodh acú."
Áran mine buidhe agus é bruidhte ar na h-aibhleogaí. Cineál de thuirtiní beaga a bhíodh ionnta agus nuair a bhíodh siad bruidhte acú bhíodh siad comh cruaidh le cloich. Ba h-iomdh teach nach mbíodh min ar bith ionnta; Dhéanadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall