School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 244](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_244.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 244
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 244
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus teach ar bith a mbíodh dhá lán mála de fhionnadh capall aca ghníodh siad ropaí de. Shuidheamh fear thuas ag an teinidh agus an duine eile thíos ag an doras, Gheibheadh siad sreangán mór fada de chórda agus thoisigheadh siad a chórnuighadh an fhionnaidh thart air. Bhíodh siad i na suidhe ag gabháil de go h-am luighe. Agus nuair a thigeadh am luighe bhíodh rópaí deas fionnaidh deánta aca.
" An dóigh a ndeántaoi tubáin"
I dtús báire geibheadh siad barraille mór agus gheárradh siad anonn treasna san lár é. Annsin shuidheadh fear thíos l lár an toighe agus gheibheadh sé greim ar fhonnsa, agus fear eile ag cur na gcláraí i n-a seasamh suas indiaidh a chéile. Annsin nuair a bhíodh an méid sin deánta acú gheibheadh siad tóin baraille agus compáis agus thomhaistidhe tóin an tubáin leis an gcompáis. Chuirtí an tóin annsin ann agus chuirtí (Tóin) dhá fhonnsa eile air.
" An dóigh a ndeántaoi sguabaí."
Théigheadh siad siar nó suas na gcnoc agus bhainfadh siad ualach mór fraoich. Annsin nuair a bhíodh an fraoch bainte acú, gheibheadh siad stacán mór de bhata giúis. Ghreamuigheadh siad an fraoch de bhun an bhata le cordaí, agus sin an cineál sguab a bhíodh acú."An cineál árain a bhíodh acú."
Áran mine buidhe agus é bruidhte ar na h-aibhleogaí. Cineál de thuirtiní beaga a bhíodh ionnta agus nuair a bhíodh siad bruidhte acú bhíodh siad comh cruaidh le cloich. Ba h-iomdh teach nach mbíodh min ar bith ionnta; Dhéanadh(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal