Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 278
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine ag baint mónadh ann. Sin an dóigh gur fágadh an túrtóg ar an chreig. Deireadh na daoine annsin go rabh bearrád ar an chreig.
Tugadh "An Scraith" ar áit eile mar gur giota mór talaimh bán atá ann. Tá cuid mhór uisge ann agus tá an talamh atá ann an-bhog. Tá áiteacha ann agus tá siad tirm. Is féidir le eallach a bheith ag ingilt ionnta ins an t-samhradh. Sin an fáth ar tugadh "an Scraith" ar na -háiteacha boga.
Tá páirceanna eile thart fa'n áit seo fosta. Páirceannaí an phuill mhóir a bheirtear ortha mar go bhfuil an áit a bhfuil siad suidhte cosamhail le poll mór. Isleán mór atá ann agus tá cnoc ar thrí taobhanna de. Ar an taoibh eile,toighthe atá ag shíneadh amach uatha. - Áit-ainmneacha
Tá siad seo uilig chóir a bheith suidhte i Mín-na-Lárach agus i mbarúntacht Chill Mhic Éanáin.
"Creig bun an Áilt" Sé an fáth ar baisteadh an t-ainm seo uirthí tá alt mór na luighe cnoca beag taoibh thuas dí.
"Gárradh Bhriain":- Bhí teach mór dhá stór ag Briain Huddy Airt astoigh san ghárradh sin.
Clúdaigh Dhomhnaill Bháin:- Bhí fear as anoir an tír darbh 'ainm Domhnaill Bán ag gabháil siar go Mín -an -Chladaigh a d'amharc ar a chuid daoine muinnteardha. Bhí sé ag gabháil siar cois an chladaigh agus deirtear go rabh craos fairrge móire ann. Tháinig tonn amháin agus tógadh amach ó dhruim an chapaill é agus fuarthas báidhte sa chlúdaigh ar maidíné agus baisteadh "Clúdaigh Dhomhnaill Bháin"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall