Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Tuilleadh Seanfhocla”
  4. XML “Seanfhocla Eile”
  5. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. An té na nglacfaidh comhairle, glacfaidh sé comhrac.

    Ní dheachaidh fhóbair ariamh i n-abar acht is minic a báitheadh b'fhéidir.

    Mara dtaitnigh do mhargadh leat níl léigheas ar bith air, acht a dul chun an aonaigh arais

    Caidé an mhaith a bheith ag buaileadh do chapaill agus an capall a mharbhadh féin.

    Má bhíonn tú i gcruadhchás i coidhche suidh agus i gcionn tamall bhéarfaidh do shrón féin comhairle ort.

    Níl a n-amadán i n-Árainn nach bhfuighidh málaid ar an Aillt.
    (Sin ag mínuighadh nach bhfuil fear amaideach ar bith i n-Arainn Mhór nach bhfuighid bean gan mhaith ar an Aillt)

    Peadar Ó Briain,
    Ardaidh Bheag,
    Gort-an-Choirce
    Pádraig Ó h-Arlaí
    Ardaidh Bheag (80 bl aois)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Lucht Siubhail
    Glaodhann ;ucht siubhail go dtí an dtigh go han-mhinic. Is iomdha seórt daoine a sgairteann. Tá cuid aca i n-a gcomhnuidhe ar an Fhálcharrach, sé sin, cuid de na tinncléirí. Bíonn sgabaill, bréagáin bioráin, pionnaí agus pionnaí beaga, baill bheaga eudaigh, coróineacha muire, sciana, ciarsúir phóca, leabharthaí urnaighe, stocaí, cupaí stáin agus mar sin de.dhá ndíol aca. Gheibh siad na h-earraí beaga ins na siopaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.