Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 295](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_295.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 295
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 295
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn málaí leathair le cuid aca agus bíonn málaí eudach garbh le cuid eile aca. Bíonn mála an éudaigh gearrtha i n-a ghiota amháin aca agus bíonn na baill eudaigh istigh ann aca. Bíonn na malaí leathair leo fá-choinne na h-earraí beaga uile a iomchur. Acht is annamh a bhíonn malaí leathair leo nó bíonn sé ró-dhaor aca le ceannacht.
Bíonn fáilte mhór rompa ins na toighthe agus bíonn na daoine ag tairsgint bidh dóbhtha i ngach eile theach. Ní fhanann siad acht oidhche amháin i ngach teach. Bíonn leabaidh chócháin déanta i gcois na teineadh ag na daoine dóbhtha agus codluigheann siad ann go maidin. Ceannuigheann siad a gcuid bidh fhéin ins na siopaí agus bíonn sé leo gach áit a dtéigheann siad acht bheireann na daoine biadh dóbhtha gan a dhath nó glacann siad truagh díobhtha.
Bíonn siad ag iarraidh déirc fosta. Pighneacha, uibheacha, sean eudach agus bróga is mo a bhíonn siad a iarraidh. Bíonn carr asaile leo corr uair agus de shiubhal coise a bhíonn siad amanna eile. Bíonn dreamanna de na tinncléirí ag dul i gcuideachta corr uair. Nuair a bhíonn siad ag dul mar seo ní chodlann siad ina na toighthib.Codhlann siad amuigh faoi an spéir. Seo cuid aca: Allaic Mac Fhionnlaigh agus a bhean Eilis, Domhnall Ó Cearbhaill agus mar sin de. Tá Allaic Mac Fhionnlaigh agus a bhean i n-a gcomhnuidhe ar an Fhalcharrach. Bíonn sé fhéin agus an asal ar shiubhal leis ó áit go h-áit agus é ag díol cupaí stáin. Seo sgéal beag a d'innis sé sa tigh s'againne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Géidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall